Ealáin Rang 4 ar Henri Matisse

26-Meán Fómhair-18
Ealáin Rang 4 ar Henri Matisse

Rinne na Rang 4 ealaín bunaithe ar Henri Matisse. B’ealaíontóir cáiliúla é Matisse ach i 1941 chuaigh sé faoi scian agus ní raibh sé in ann seasamh ag seastán ealaíne a thuilleadh. Bhí sé i gcathaoir rothaí ach bhí se go fóill ag iarraidh a bheith ina ealaíontóir. Thosaigh sé ag déanamh colláis le páipéar óna chathaoir rothaí. Chuir sé an t-ainm ar an ealaín seo ‘Ag tarraingt le siosúir’. Fuair na páistí seans colláis a dhéanamh i stíl Matisse. Nach bhfuil siad galánta!

Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Scoil Gharbháin,
Clais na Lachan,
Dún na Mainistreach,
Dún Garbhán,
Co Phort Láirge,
Ireland

058 42173


Suíomh / Location
© 2024 Scoil Gharbháin