Athoscailt na Scoile, Lúnasa 2021/ Reopening the School, August 2021

16-Lúnasa-21

A Thuismitheoirí,

Fáilte ar ais. Beimíd ar scoil aríst ag tosnú ar an 26ú lá Lúnasa. Beimid ag lorg bhúr gcomhoibriú arís i mbliana. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabhailt libh ar fad as an tacaíocht iontach a thug sibh dúinn agus as a bheith tuisceanach agus foighneach linn i rith na bliana.

Níl aon cháipéis nua curtha i gcló ag an Rialtas maidir le filleadh ar scoil agus dá bhrí sin beimid ag filleadh mar a bhíomar díreach roimh na laethanta saoire. Beidh athrú beag nó dhó á mholadh againn.Tuigimíd nach bhfuil réiteach a oireann do gach éinne. Dá bhrí sin iarraimid oraibh a bheith foighneach agus tuisceanach linn arís.

Clár ama an lae: Teacht ar Scoil

Naíonra: 8:45 r.n. – 9:10

Tiocfaidh daltaí na scoile ar scoil ag 9:10 agus 9:20

9:10: Rang 6, Rang 5, Rang 4 agus Rang 1

9:20: Naíonáin Bheaga, Naíonáin Mhóra, Rang 2, Rang 2/3 agus Rang 3.

Rang Naíonáin Bheaga : Beidh cead ag tuismitheoirí na leanaí a thabhairt go dtí doras an tseomra ranga Déardaoin 26ú lá agus Aoine 27ú lá Lúnasa.

Ó Luan 30ú lá Lúnasa : tiocfaidh na Naíonáin isteach sa chlós ag 9:20 le Naíonáin Mhóra, Rang 2 agus Rang 2/3 agus Rang 3. Beidh an múinteoir ranga sa chlós le fáilte a chur rompu agus iad a thabhairt go dtí an rang.

Ag siúl go dtí na ranganna: Beidh foireann na scoile sa chlós chun cabhrú leis na páistí a slí a dhéanamh go dtí na ranganna.

Tuismitheoirí / daoine fásta na Naíonáin Bheaga Déardaoin 26ú lá agus Aoine 27ú lá Lúnasa, tuismitheoirí de pháistí an Naíonra agus foireann na scoile amháin a bheidh i gclós na scoile.

Beidh foireann na scoile ann chun cabhair a thabhairt.

Rachaidh na páistí díreach go dtí an seomra ranga agus cinnteofar go n-úsáidfear sláintitheoir láimhe ag an am seo.

Ní bheidh aon pháiste scoile sa chlós roimh 9:10 –níl aon imirt sa chlós roimh am scoile.

Deireadh an lae: Ag dul abhaile.

Naíonra: Déardaoin 26ú agus Aoine 27ú lá : 11:15 r.n.

Luan 30ú lá Lúnasa – Aoine 3ú lá Meán Fómhair : 11:30 r.n.

Luan 6ú lá Meán Fómhair ar aghaidh: 12 meán lae.

Naíonáin Bheaga:

12:30 i.n. :Déardaoin 26ú lá agus Aoine 27ú lá :

1 i.n : Luan 30ú lá -Aoine 3ú lá de Mheán Fómhair (an dhá dháta san áireamh)

2i.n.: Ón 6ú lá Meán Fómhair ar aghaidh

2 i.n. Naíonáin Mhóra ag dul abhaile

2:50 i.n. Rang 6, Rang 5, Rang 4 agus Rang 1.

3:00 i.n. Rang 2, Rang 2/3 agus Rang 3.

Seisiún Iar-Scoile

Tabharfar na leanaí go dtí an seisiún Iar-Scoile (Meitheal clainne) a bheidh i gceist anso.

Caithfear an Seisiún Iar-Scoile a bheith curtha in áirithint roimh ré.

Má bhíonn páistí le bailiú i rith an lae

Seo hiad na socraithe má chaithfear páiste a bhailiú i rith a lae.

An duine fásta atá ainmnithe leis an páiste a bhailiú: cuirfear glaoch ar oifig na scoile ón ngeata le cur i n-iúl go bhfuilid tagtha.

Tabharfar an dalta go dtí an ngeata go dtí an duine fásta.

Síneoidh an duine fásta páipéarachas chun an páiste a scaoileadh ón scoil.

Obair bhaile: Beidh obair bhaile ach níl sé pléite in iomlán go fóill. Beidh fógra faoin obair bhaile ar an gCéadaoin seo chugainn- 25ú lá Lúnasa.

Tumoideachas: Is Gaelscoil í Scoil Gharbháin, dá bhrí sin is Gaeilge in iomlán a bheidh a chleachtadh sna ranganna ar feadh coicíse. Tosnófar ar an mBéarla mar ábhar scoile arís ar an 13ú lá Méan Fómhair.

Treallamh pearsanta

Cinntigh le bhur dtoil go bhfuil ainm ar na pinnluaidhe, pinn agus dathanna na bpáistí.

Ba mhór linn muna dtabharfaí bréagáin ón mbaile le bhur dtoil.

Mholfaimis go mbeadh bata taos féin ag gach páiste.

Ba mhór linn dá mbeadh mála beag de chiarsúiri, céirtíní agus sláintitheoir láimhe ag gach páiste chomh maith.

Glanfaidh na páistí a áit féin le ceirtín sula n-itheann siad an lón, ina dhiaidh agus sula dtéann siad abhaile.

Éadaí Scoile

Is éadaí scoile foirmeálta nó éadaí scoile samhraidh a bheidh á chaitheamh ag gach páiste.

Éadaí Samhraidh : bríste gairid (dubhghorm nó bán) tí-léine scoile agus barr na héadaí corpoideachas.

Ní bheidh bróga boga á chaitheamh ag na páistí.

Beidh masc á chaitheamh ag an bhfoireann scoile mar a bhí roimh na laethanta saoire.

Leagan amach na seomraí

Beidh na páistí suite i ngrúpa (Meitheal) mar a bhíodar roimh na laethanta saoire. Is bolgán gach rang i mbliana (an rang seachas an seomra ranga mar a bhí anuraidh). Beidh an rang mar bholgán ag imirt i dteannta a chéile sa chlós, ach ní bheidh aon rang i gcomhluadar aon rang eile ag aon am sa chlós.

Tá amanta lón éagsúla i gceist ionas go mbeidh dothaint spáis ag gach rang saor imirt ina spás féin sa chlós. Beidh dhá am lóin beag agus dhá am lóin mór. Beidh cuid áirithe den chlós in áirithint do ranganna éagsúla.

Ag Plé le cás faoi dhrochamhras Covid-19

Fan sa mbaile muna bhfuil tú ar fónamh:

Níor cheart do dhuine ar bith (leanbh, ball fóirne nó tuismitheoir) freastal ar shuíomh oideachais má tá sé / sí tinn nó má tá aon duine sa teach tinn agus comharthaí atá ag teacht le Covid-19 á léiriú acu: sé sin

  • Teocht ard
  • Casacht
  • Gearranáil
  • Boladh nó blas a bheith caillte nó blas as riocht.

Má léiríonn dalta comharthaí de Covid-19 fad is atá siad ar scoil, leanfar na céimeanna seo a leanas

Déanfar teagmháil le tuismitheoirí / caomhnóirí láithreach.

Tabharfar an páiste go dtí an seomra leithlise, is ball fóirne a dhéanfaidh é seo. Fanfaidh an ball fóirne in éineacht leis an páiste go dtí go mbaileofar é / í ach ag cinntiú go bhfuil scaradh sóisialta ar siúl. Beidh TCP á chaitheamh ag an mball fóirne.

Gar Chabhair

Beidh TCP á chaitheamh ag ball fóirne nuair atá gar chabhair á thabhairt.

Má tá tú buartha mar gheall ar do pháiste ar filleadh ar an scoil ar chúis sláinte nó go mbeadh sláinte ball clainne i mbaol, ba mhór liom dá ndéanfá teagmháil liom agus gheobhaimís é a phlé agus teacht ar réiteach.

Má tá aon cheist agat mar gheall ar aon rud atá scríofa agam thuas, is féidir teagmháil a dhéanamh liom ar (087) 7609654

Draft Plan for Re-opening of Scoil Gharbháin

Welcome back. We will be returning to school on Thursday the 26th of August. We thank you for the fantastic support we received from you throughout the year and for your continuous patience and understanding.

The government has not issued new guidelines and therefore we will be returning to school and adhering to the same guidelines as we were before the summer holidays. We are aware that these arrangements may not suit every family and therefore we are once again asking for your support and flexibility and understanding to ensure the safe return of your children to our school.

Arrival at School :

Naíonra: 8:45 a.m.- 9:10 a.m.

A one-way system will once again be in operation for the Naíonra.

School children will arrive at 9:10 a.m. and 9:20 a.m. as follows

9:10 a.m. – Rang 6, Rang 5, Rang 4 and Rang 1.

9:20 a.m.: Naíonáin Bheaga, Naíonáin Mhóra, Rang 2, Rang 2/3 and Rang 3.

Naíonáin Bheaga: Thursday 26th and Friday 27th of August, children will come to the school door accompanied by their parent /s , adult.

From Monday the 30st of August Naíonáin Bheaga will enter the school grounds with Naíonáin Mhóra, Rang 2, Rang 2/3 and Rang 3

The class teachers will be in the yard to welcome the children and to bring them to their classroom.

School staff will be on hand to help to direct and accompany the children to their classrooms. Children will sanitise their hands on entering the classroom.

Adults /parents of children in Naíonáin Bheaga and the Naíonra and staff only in the school yard. School staff will be on hand to help and to reassure.

Children will not be permitted in the yard before entry time.

End of the school day:

Naíonra:

Thursday the 26th, and Friday the 27th : 11:15 a.m.

Monday the 30st of August – Friday the 3rd of September (inclusive of both dates) : 11:30 a.m.

From Monday the 6th of September onwards: 12 midday.

Naíonáin Bheaga:

12:30 p.m: Thursday 26th and Friday the 27th of August

1 p.m.: Monday the 30th of August until Friday the 3rd of September (inclusive of both dates).

2 p.m.: From Monday the 6th of September onwards

2 p.m.: Naíonáin Mhóra

2:50 p.m. Rang 6, Rang 5, Rang 4 and Rang 1.

3 p.m.: Rang 2, Rang 2/3 and Rang 3.

After School Service

Children will be brought to the After school in their family pods.

This service will need to be booked in advance.

If children are to be collected during school hours:

The following are the arrangements if the children are to be collected.

The designated adult will call the school from the gate to let us know that they have arrived.

Pupil will be brought to the gate and the adult will be asked to sign the child out.

Personal Equipment

Please ensure that all personal items are labelled, pencils, pens colours.

We would appreciate it if toys from home were not brought to school.

And if each child could have their own glue stick (pritt stick)

We would appreciate it also if each child had a small bottle of sanitiser, wipes, and some tissues. Children will be asked to maintain the hygiene of their own personal workspace. They will be asked to wipe down the workspace before and after eating and at the end of each day.

Homework

Homework will be given however this will be discussed in detail as a staff on Wednesday next and notification will be sent home on Wednesday next.

Total Immersion

Scoil Gharbháin is a Gael Scoil. Total Immersion will be in operation for two weeks. English will not be taught as a subject until Monday the 13th of September.

School Uniform

Children will wear their formal uniform or their summer uniform.

Summer Uniform: shorts – navy or white, summer tee-shirt and the top of the school tracksuit.

Children will wear their own shoes.

Layout of Classrooms

Children will once again be seated in groups (pods).

This year each class will be a bubble as opposed to each classroom being a bubble last year and therefore each class (bubble) will play together in the yard. However, bubbles will not be mixing at any time.

We will also have staggered lunch times: allowing each bubble to have ample space in the playground. Each class will be assigned an area of the playground. Two small lunch breaks and two main lunch breaks will take place.

Staff will continue to wear masks where social distancing of 2 metres can’t be guaranteed.

Dealing with a suspected case of Covid-19

No person (child, staff member, or parent) should attend an educational setting if unwell or any members of their household are unwell with symptoms consistent with Covid-19. Which are as follows:

  • High temperature
  • Cough
  • Shortness of breath or breathing difficulties
  • Loss of smell, of taste or distortion of taste.

If a pupil displays symptoms of Covid-19 while in the building, the following procedures will be followed:

Pupil will be accompanied to the isolation room by a staff member. The staff member will remain with the child until he / she is collected by an adult ensuring social distancing of 2 metres and wearing PPE.

First Aid

Staff members are required to wear PPE when attending to an injured pupil.

If you are concerned about your child returning to school due to their health or compromising the health of a family member, I would appreciate it if you could contact me and we can discuss an alternative arrangement.

If you have any further questions regarding the information in this letter, please feel free to contact me on (087) 7609654.

Míle buíochas for your support at this time,

Silvia Uí Sheanlaoich.

Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Scoil Gharbháin,
Clais na Lachan,
Dún na Mainistreach,
Dún Garbhán,
Co Phort Láirge,
Ireland

058 42173


Suíomh / Location
© 2024 Scoil Gharbháin