Bratach Scoile Gníomhaí 2019

Bhí an-spórt ag pobal na scoile i Mí Aibreáin. Bronnadh an gradam 'Scoil Ghníomhach' ar Scoil Gharbháin. Our school community had mighty fun in April. Scoil Gharbháin was awarded the 'Active School' Flag.
01-Bealtaine-19
Bratach Scoile Gníomhaí 2019

Gradam ‘Scoil Ghníomhach’ bronnta ar Scoil Gharbháin

Bhí ocáid á cheiliúradh ag pobal Scoil Gharbháin le déanaí nuair a d’ardaíomar an brat aclaíochta a bronnadh orainn . Bronntar an brat seo ar scoileanna a dhéanann tréaniarracht pobal oilte fisiciúil agus pobal aclaí fisiciúil a chothú.

Mar chríoch ar Sheachtain Scoile Gníomhaí acu, bheathaigh Coiste na dTuismitheoirí 280+ dalta an mhaidin sin, tugadh bricfeasta sláintiúil de thorthaí, íogairt agus mil do na daltaí. Bhí ‘Lá na gClub ‘ againn agus tháinig na daltaí ar scoil lena n-éide ón gclub áitiúil. Bhí éide de gach sórt ann; rugbaí, iomáint, peil, sacar, leadóg, gleacaíocht, rothaíocht, gasóga, rince, marcaíocht, seoltóireacht, liathróid láimhe, lúthchleasaíocht, dornálaíocht,tré-atlan, snámh agus a thuilleadh le feiscint.

Bhailigh ár bpairtnéirí sa phobal , tuismitheoirí, múinteoirí agus daltaí i Halla Shéamais leis an ocáid mór seo a cheiliúradh. Is ceiliúradh don Phobal é seo, de bharr an tacaíocht iontach a thugtar dúinn ón bpobal áitiúil bhíomar ábalta an t- iarratas seo a sheoladh chun siúil. Bronnadh boinn ar na foirne peile a bhuaigh Craobh Iarthair an Chontae sa bhFómhar le Cumann na mBunscol, agus ar an bhfoireann lúthchleasaíochta tras-tíre a ghlac páirt in imeacht West Waterford Juvenile Athletics Club sa bhFómhar chomh maith.

Bhí áthas ar an bpobal scoile fáilte a chur roimh Marc Mac Garraí atá ina iar-scoláire leis an mbrat a ardach. Tá sé ina lúthchleasaí agus rothaí den scoth ina aois-ghrúpa agus geansaí na hÉireann caite aige.Tréaslaímid le Marc agus le foireann Super Schools ó Choláiste Aibhistín a bhuaigh an Corn sa Chomórtas seo arís i mbliana. Guímis gach rath ar Mharc agus trialacha á dhéanamh aige faoi láthair dos na hOilimpeacha don Aos Óg.

An phríomhtheachtaireacht a bhí ag an bpríomhoide Silvia Uí Sheanlaoich agus a thagann ón WHO agus ó mholtaí na Roinne ná tábhacht an 60nóim de ghníomhaíocht do pháistí 5-17 mbl d’aois gach lá. In éineacht le bia slaintiúil cothaíonn sé struchtúr folláine ina iomláine don duine óg. Tá se sain-aitheanta gur fiú an gort a threabhadh anois leis na torthaí folláine a bhaint sa bhfoghlaim fad saoil. Dar ndóigh, caithfear a bheith ag baint taitnimh as!

Tá an t-ádh linn chomh maith go bhfuil foireann na scoile an-ghníomhach ag traenáil foirne lasmuigh den scoil agus go dtugann siad na buanna seo chun scoile leo.

Ár mbuíochas ó chroí le Múinteoir Jen a spreag an fhoireann le fianaise a bhailiú chun an t-iarratais seo a chur le chéile agus a ghlac freagracht as an iarratas a eagrú agus a sheoladh chun siúil. Molaim í. Maith thú Múinteoir Jen.

Scoil Gharbháin awarded ‘Active School’ Flag

Our school community had great cause for celebration recently when we raised the Active School Flag . The Active School Flag is awarded to schools who strive to achieve a physically educated and physically active school community.

To complete our Active Schools Week, the Parent’s Committee fed 280+ students and staff a healthy breakfast of fruit, yogurt and honey. We are proud to have a very supportive Coiste na dTuismitheoirí . Well done to them agus Go raibh mile maith agaibh.

We had a ‘Club Day’ on the Friday of our Easter Holidays where the pupils wore their club colours or gear to school to celebrate their links to our partners in our community. Rugby, hurling, football, soccer, tennis, gymnastics, cycling, scouts, dance, horseriding, sailing, athletics, swimming, boxing, triathlon and more clubs were well represented.

Scoil Gharbháin's community partners, parents, teachers and pupils gathered in Halla Shéamais to celebrate this big occassion. We are extremely fortunate to have a wide range of facilities at our disposal and the local community are extremely supportive. This is a Community Celebration because without their continuous support– this achievement would not have been possible. The school’s football teams were awarded their Western Final medals and the cross-country athletics team also received theirs from their competitions run in autumn by Cumann na mBunscol and West Waterford Juvenile Athletics Club.

Scoil Gharbháin was delighted to welcome Marc McGarry to raise the Active School Flag. Mark is a past pupil of Scoil Gharbháin . He is an accomplished athlete and cyclist in his age group and has represented Ireland in his field. We congratulate Mark as he was a member of St Augustine’s Super Schools’ Team and who were Super Schools’ Champions again this year. We wish him every success as he now has the time trials for the upcoming Youth Olympics in his sights.

Above all, the clear message of the principal Silvia Uí Sheanlaoich and inline with the WHO guidelines and departmental recommendations, was the importance of 60 minutes of exercise per day for 5-17 yr olds through engaging in a variety of physical activities inside school and outside of school. This, along with healthy nutrition is key to the overall wellbeing of the young person. Studies have shown best practices at this stage of development can impact well-being in the life-long learner. Of course you’ve got to have heaps of fun while you’re doing it!

We are fortunate to have a talented staff who are very involved in their local communities and these talents are shared with our pupils.

We would also like to acknowledge and thank Múinteoir Jen who encouraged and motivated us all to capture and gather the evidence to apply for this prestigious award. Múinteoir Jen then organised and submitted the application. Well done and mile buíochas.

Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Scoil Gharbháin,
Clais na Lachan,
Dún na Mainistreach,
Dún Garbhán,
Co Phort Láirge,
Ireland

058 42173


Suíomh / Location
© 2024 Scoil Gharbháin