Cuairt Jorge, daidí le Sofia Bedoya chuig an Naíonra

A visit from Jorge, Sofia Bedoya's daddy
14-Meitheamh-19
Cuairt Jorge, daidí le Sofia Bedoya chuig an Naíonra

Comhpháirtíochtaí a chruthú agus a chothú idir tuismitheoirí agus cleachtóirí (building partnerships between parents and practitioners)

Téama: Féiniúlacht agus Muintearas (Theme: Identity and Belonging)

Is éard atá i gceist leis an téama Féiniúlacht agus Muintearas ná dearcadh dearfach a chothú sa leanbh ina leith féin, agus cuidiú leis/léi a bhrath go bhfuil luach ag baint leis/léi agus go bhfuil meas air/uirthi mar chuid de theaghlach nó de phobal. (The theme of Identity and Belonging is about children developing a positive sense of who they are, and feeling that they are valued and respected as part of a family and community)

Tháinig Jorge Bedoya go dtí an Naíonra cúpla seachtain ó shin. Daidí le Sophia is ea Jorge. Rugadh Jorge i Ecuador agus bhog sé anseo cúpla bliain ó shin. Bhí sé ag caint leis na páistí mar gheall ar Ecuador agus thaispeáin sé a lán pictiúirí álainn do na hainmhí difriúla, na bolcáin difriúla ann, an forais bháistí agus chualamar fuaimeanna álainn ón forais. Bhí sé ag caint faoi nósanna agus cultúr Ecuador. Thaispeán sé dóibh cá raibh Ecuador agus cén fhad a thógann sé air dul abhaile chun a clann a fheicáil . Thaispeain sé duinn an brat agus an brí leis. Mhúin sé dúinn conas cóireamh go dtí deich agus cúpla focail agus frásanna a rá i spáinis. Anois tá cúpla focail acu i trí teanga. Bhí maidin iontach ag na páistí agus d'fhoghlaim siad a lán faoi Ecuador.

Míle buíochas do Jorge agus Sarah as ucht teacht isteach chugainn agus do Sofia as ucht an cuireadh a thabhairt dóibh.

Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Scoil Gharbháin,
Clais na Lachan,
Dún na Mainistreach,
Dún Garbhán,
Co Phort Láirge,
Ireland

058 42173


Suíomh / Location
© 2024 Scoil Gharbháin