Naíonáin Mhóra ag foghlaim

21-Meán Fómhair-20
Naíonáin Mhóra ag foghlaim

Tá Naíonáin Mhóra sona sásta agus slán sábháilte ar scoil. Is maith linn an t-amhrán Nigh do Lámha a chanadh agus sinn ag ní ár lámha. Bímíd ag foghlaim lasmuigh faoin aer. Chuamar ar shiúlóid dúlra agus bhailíomar duilleoga deasa. Fuaireamar críáin agus chuimlíomar na duilleoga. Bhí taobh amháin mín agus bhí an taobh eile garbh. Mhaisíomar fráma leis na duilleoga. Táimíd ag foghlaim mar gheall ar na trí phríomh-dhath: buí, dearg agus gorm. Féach ar na dathanna deasa sna pictiúir. Sa Mhatamaitic táimíd ag meaitseáil, ag sortáil, ag iniúchadh pátrúin agus ag déanamh tacair de trí rud. Is maith linn na peileachán i Scéal a Trí. Léann an Múinteoir Jen a lán scealta dúinn. Thaitin An Tusa mo Mhamaí? agus Am Lóin go mór linn. Anois is arís tagann Lug agus Gug ar cuairt chugainn ón bplainéad Trug. Ní roinnimíd ár lóin cosúil leo ar scoil. Is é an scéal is greannmhara a chualamar ná 'Ná Gabh ar Scoil', scéal mar gheall ar Mhamaí Béir nach raibh sásta go raibh a babaí béir ag dul ar scoil! Is breá linn a bheith i gcuideachta ár gcairde i Naíonáin Mhóra.

Naíonáin Mhóra are happy and safe in school. We like to sing the song Nigh do Lámha while we're washing our hands. We are learning outdoors. We went on a nature walk and collected leaves. We took crayon rubbings of the leaves. There was a smooth side and a rough side. We decorated a frame for our rubbings with natural art. We are learning about the three primary colours: yellow, red and blue. Look at the lovely colours in the pictures. In Mathematics we are matching, sorting, investigating patterns and making sets of three things. We love the butterflies in 'Scéal a Trí'. An Múinteoir Jen reads lots of stories for us. We liked An tusa mo Mhamaí? and Am Lóin. Lug and Gug sometimes pay a visit to us from planet Trug. Unlike them we know not to share our lunches with each other in school. The funniest story we read was 'Ná Gabh ar Scoil' about a Mammy Bear who didn't want her baby bear to go to school. We love being with our friends in Naíonáin Mhóra.

Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Scoil Gharbháin,
Clais na Lachan,
Dún na Mainistreach,
Dún Garbhán,
Co Phort Láirge,
Ireland

058 42173


Suíomh / Location
© 2024 Scoil Gharbháin