Coiste na dTuismitheoirí / Parents' Association

Tá coiste iontach sa scoil faoi láthair atá an-ghníomhach go deo. Déanann siad an-chuid ag iarradh ciste a chur le chéile le hairgead a bhailiú chun acmhainní breise agus imeachtaí breise a chur ar fáil do pháistí na scoile. Déanann siad an-chuid chun tuismitheoirí na scoile a thabhairt le chéile agus chun spiorad na scoile a chothú.

Tugann siad a gcuid ama go deonach sa scoil le himeachtaí ar nós: Ceolchoirm na scoile, An Pop Up Café eagraithe ag rang 6 go bliaintúil, Oíche Shóisialta na Scoile, maidin chaifé ar an gcéad mhaidin chun deis a thabhairt do thuismitheoirí nua aithne a chur ar a chéile. Chomh maith leis sin, eagraíonn siad na sólaistí le linn imeachtaí ar nós Lá na Comaoine agus Bronnadh Rang 6.

Tá áthas orainn go bhfuil scéim iontach ‘Leabhar ar Cíos’ againn – ár mbuíochas leis an gcoiste mar ceannaíodh an-chuid leabhar agus fearas ranga le maoiniú ón gcoiste agus sa tslí seo laghdaíodh an costas ar an liosta leabhar go mór, rud a chuir gliondar croí ar gach éinne.


We are very proud of our active and supportive coiste. Their support ensures the smooth running of day-to-day life in Scoil Gharbháin. Funds raised by our coiste provide many resources and curricular activities for our pupils.

We are delighted to say that as a result of funding by our coiste, our Book Rental Scheme has grown significantly and this had resulted in reducing the cost of returning to school, much to everyone’s delight!

Events organised by the coiste foster good relationships within the whole school community, which is extremely important to us. An annual coffee morning is organised by the coiste on the first day of the school year, offering new parents a chance to meet and greet each other. The coiste also support and assist with our Christmas Concert and sixth class’ Pop-Up Café. They lend a helping hand at a number of social events throughout the school year, including sixth class graduation night and our First Communion celebrations.

Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Scoil Gharbháin,
Clais na Lachan,
Dún na Mainistreach,
Dún Garbhán,
Co Phort Láirge,
Ireland

058 42173


Suíomh / Location
© 2024 Scoil Gharbháin