Fáilte an Phríomhoide / Principal’s Welcome

Principal.jpg

Cuirim fíorchaoin fáilte romhaibh go suíomh idirlín na scoile (Naíonra Garbháin, Scoil Gharbháin agus Seisiún Iar-Scoile). Is cúis bhróid agus mhórtais dúinn idir dhaltaí, an fhoireann agus ár dtuismitheoirí go bhfuil an scoil lonnaithe sa bhaile ó 1982 i leith agus í ag dul i méid ó bhliain go bliain.

Beidh sé de phribhléid againn aithne a chur ar bhur bpáistí ar feadh ocht, naoi nó deich de bhlianta má dhéanann sibh an cinneadh iasacht de bhur bpáistí a thabhairt dúinn le linn a dtréimhse réamhscolaíochta agus bunscolaíochta.

Tá sé d’aidhm againn go bhfágfaidh do pháiste geataí na scoile tar éis an tréimhse ama sin agus go mbeidh siad muiníneach iontu féin, go mbeidh siad freagrach, go mbeidh meas acu orthu féin agus ar dhaoine eile agus gan dabht go mbeidh teanga na scoile, an Ghaeilge, ar a dtoil acu.

Is cúis bhróid é go bhfuil foireann an-láidir, speisialaithe againn sa scoil agus buanna acu a rachaidh chun tairbhe do bhur bpáistí. Tá an Ghaeilge go láidir i measc na foirne agus an-chuid acu le Gaeilge ón gcliabhán acu. Tá triúr iarscoláire ar an bhfoireann chomh maith agus is cúis bhróid é seo dúinn.

Tugtar an-chuid tacaíochta dúinn ón bparóiste, idir Chumann Lúthchleas Gael agus an Chléir. B’iad na hAibhistínigh a bhí mar shéiplínigh againn ar feadh na mblianta fada agus tá an t-ádh linn an tAthair Michael Enright a bheith mar shéiplíneach againn faoi láthair.

Is cuid an-tábhachtach de shaol na scoile iad tacaíocht agus rannpháirtíocht ár dtuismitheoirí agus tá an t-ádh linn go bhfuil coiste gníomhach de thuismitheoirí againn a thugann tacaíocht dochreidte don scoil.

Táimíd go léir ar bís maidir leis an suíomh nua seo agus beidh sé ina áis iontach do thuismitheoirí uile na scoile. Tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh as bhur gcuairt tríd an suíomh agus táimíd ag tnúth go mór le bualadh libh agus le bhur bpáistí sa todhchaí.

Buail isteach nó cuir glaoch orainn. Cuirfidh ár rúnaí álainn, Bríd, fáilte is fiche romhat agus tabharfaimíd aon eolas breise duit atá de dhíth ort.

Slán tamaillín,

Silvia Uí Sheanlaoich

Príomhoide


I’m delighted to welcome you to our new school website (Naíonra Garbháin, Scoil Gharbháin agus Seisiún Iar-Scoile Scoil Gharbháin). Our school has been established in the townland of Dungarvan and Abbeyside since 1982 and it has been going from strength to strength over since, which is a matter of immense pride for us.

It will be a great privilege for us to meet and to get to know your child for the eight, nine or maybe ten years, if you decide to give your child on loan to us during their pre-school and primary school years.

Our goal here in Naíonra Garbháin and Scoil Gharbháin is that your child will leave the gates of the school in Rang 6 as a happy, confident, responsible young adult with a strong sense of self respect and a responsibility to respect others.

We are hugely proud of our dedicated staff who are extremely talented, and your child will certainly reap the benefits. The staff are fluent as Gaeilge and many were reared as Gaeilge as the first language in the home. We are also proud to say that three members of staff are past pupils.

The Parish are very supportive of us – the clergy and the local GAA club of Abbeyside / Ballinacourty. The Augustinians supported us as Chaplains of our school for many years. We are extremely fortunate to have Fr. Michael Enright as our Chaplain at present.

Parental participation and support are an important aspect of school life and we are most fortunate to have an active parents’ council who provide much need support to the school.

We are excited about our new website and this resource will be extremely beneficial to our parents. I sincerely hope that you enjoy your journey through our website and we look forward to meeting you and your child / children in the future.

Call in or phone us and you will be warmly welcomed by our fantastic secretary Bríd. We will answer any further questions that you may have.

Slán tamaillín,

Silvia Uí Sheanlaoich

Príomhoide

Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Scoil Gharbháin,
Clais na Lachan,
Dún na Mainistreach,
Dún Garbhán,
Co Phort Láirge,
Ireland

058 42173


Suíomh / Location
© 2024 Scoil Gharbháin