Gaeilge / Irish

Gaeilge / Irish

Forbraítear Gaeilge labhartha na bpáistí ar bhonn laethúil trí gach ábhar ar an gcurclam. Spreagtar na páistí lena gcuid Gaeilge labhartha a úsáid i rith am sosa agus am súgartha trí chluichí clóis Gaeilge a mhúineadh dóibh ó na bunranganna ar aghaidh. Múintear, chomh maith, na focail agus frásaí a bheidh ag teastáil uathu chun dul i mbun súgartha agus cainte lena gcairde ar scoil trí mheán na Gaeilge. Creidimid go láidir go gcuireann an chaint nádúrtha trí Ghaeilge i measc na bpáistí ar scoil go mór leis na scileanna labhartha agus éisteachta a bhíonn acu. Mar sin, tugaimid gach moladh agus spreagadh dóibh an Ghaeilge atá acu a úsáid is iad ar scoil agus tá córas ticéidí agus teastaisí i bhfeidhm do gach rang. Is álainn ar fad iad a chloisint ag comhrá agus ag imirt lena chéile trí mheán na Gaeilge gach lá ar chlós na scoile. Sna seomraí ranga leagtar béim an-tábhachtach ar an teanga ó bhéal a fhorbairt, ag úsáid cluichí, amhránaíocht, filíocht, scéalaíocht agus drámaíocht.

Bíonn réimse modhanna múinteoireachta le feiscint sna seomraí ranga ar fud na scoile le linn na gceachtanna léitheoireachta Gaeilge. Léann na múinteoirí os ard don rang, cuirtear go leor deiseanna ar fáil do pháistí a bheith ag léamh agus leantar clár fónaice agus fóineolaíochta. Úsáidtear cluichí chun suim na bpáistí a spreagadh agus na scileanna a threisiú. Bíonn béim faoi leith ar fhorbairt na scileanna léamhtuisceana ag gach leibhéal ranga. Tá prionta le feiscint ar na fallaí ar fud na scoile agus cnuasach breá de leabhair Ghaeilge i ngach leabharlann ranga, le réimse leathan de shéanraí le léamh. Forbraítear na scileanna scríbhneoireachta ag úsáid tréimhsí saor-scríbhneoireachta, an phróiseas scríbhneoireachta, mion cheachtanna gramadaí agus litriú.

Tá tumoideachas iomlán ar siúl againn ó Naíonáin Bheaga ar aghaidh. Cabhraíonn an clár ‘Aistear’, áiseanna idirghníomhacha agus teagasc foirne linn scileanna teanga na bpáistí a fhorbairt, go háirithe sna ranganna sóisearacha.

Gaeilge 2.jpg


The children’s spoken Irish is developed through every aspect of school life, through the curriculum and in the playground. In this way children’s fluency in the language is supported. The children are taught yard games through Irish as well as a range of words and phrases to use on the yard. We believe that the habit of using Irish amongst their peers in school helps to develop the children’s Irish language skills. Reward systems, including tickets and certificates are in place to encourage the use of Irish on the school yard. Within the classroom, oral language proficiency is developed using games, songs, poems, story and drama.

The children are taught Irish reading using a wide range of teaching strategies, for example, teacher reading aloud, paired reading systems, phonics and phonological awareness programmes. Reading games are also used regularly to stimulate the children’s interest and to reinforce their learning. Each classroom in the school boasts print rich walls and a well-stocked library, containing a wide range of reading genres. Writing skills are developed through free writing exercises, the writing process, mini spelling and grammar lessons, to name but a few.

From Junior Infants onwards we use the Immersion method of language learning. ‘Aistear’, interactive resources and team teaching all help in developing the language skills of the children.

Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Scoil Gharbháin,
Clais na Lachan,
Dún na Mainistreach,
Dún Garbhán,
Co Phort Láirge,
Ireland

058 42173


Suíomh / Location
© 2024 Scoil Gharbháin